---
title: Ní mór tacú le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta ó tharla cúrsaí curtha ar ceal – Calleary
description: Tá sé ráite ag Leas-Cheannaire agus Urlabhraí Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary TD nár mhór tacaíocht airgeadais a…
---

[ Join ](https://www.fiannafail.ie/join-fianna-fail) [ Donate Now ](https://www.fiannafail.ie/donate-now)

Search website:

** Search

# Ní mór tacú le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta ó tharla cúrsaí curtha ar ceal – Calleary

 Published on:  22 April 2020

Tá sé ráite ag Leas-Cheannaire agus Urlabhraí Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary TD nár mhór tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do Choláistí Samhraidh na Gaeltachta.

Dúirt an Leas-Cheannaire Calleary an méid sin i ndiaidh don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dheimhniú nach mbeadh aon chúrsaí Gaeilge ar siúl an samhradh seo mar gheall ar na bearta éigeandála atá i bhfeidhm de bharr Covid-19.

“Tá sé deimhnithe anois nach mbeidh coláistí Gaeilge an tsamhraidh ar siúl i mbliana mar gheall ar na bearta sláinte poiblí riachtanacha atá i bhfeidhm. Is buille mór a bheidh anseo do dhuine ar bith i gceantair Ghaeltachta a bhíonn ag brath ar an leas eacnamaíoch a bhaineann le scoláirí a bhíonn ag freastal ar choláistí Gaeilge a choinneáil.

“Ní mór don Roinn tacú leis na coláistí seo chun a chinntiú go mbeidh siad ábalta coinneáil orthu nuair a bheidh an paindéim seo curtha dínn againn. Is ríthábhachtach atá siad mar acmhainn chun ár dteanga dhúchais agus cultúr dúchais a theagasc.

“Cuireann coláistí samhraidh go mór le geilleagar cheantair Ghaeltachta agus beidh caillteanas mór airgeadais i gceist do na pobail seo mura mbeidh siad ar siúl.

Mar fhocal scoir dúirt an Leas-Cheannaire Calleary, “Anois agus na coláistí curtha siar, ní mór don Roinn gach bealach airgeadais a scrúdú chun tacú leis na mná tí, leis na coistí agus leis na coláistí iad féin chun freastal ar an gcaillteanas a tharlóidh.”

 Tags: [Rural Ireland](https://www.fiannafail.ie/news/tag/rural-ireland) , [Dara Calleary](https://www.fiannafail.ie/news/tag/dara-calleary) , [Latest News](https://www.fiannafail.ie/news/tag/latest-news)

---

## **Related news:**

<https://www.fiannafail.ie/news/ni-mor-tacu-le-colaisti-samhraidh-na-gaeltachta-ma-chuirtear-siar-an-samhradh-seo-iad-calleary>

April 26, 2021

---

##### [Ní mór tacú le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta má chuirtear siar an samhradh seo iad- Calleary](https://www.fiannafail.ie/news/ni-mor-tacu-le-colaisti-samhraidh-na-gaeltachta-ma-chuirtear-siar-an-samhradh-seo-iad-calleary)

[![](https://www.fiannafail.ie/hubfs/fianna-theme/icons/arrow-next.svg) ](https://www.fiannafail.ie/news/ni-mor-tacu-le-colaisti-samhraidh-na-gaeltachta-ma-chuirtear-siar-an-samhradh-seo-iad-calleary)

<https://www.fiannafail.ie/news/sainordu-daonlathach-do-cheantair-ghaeltachta-le-hathbhunu-ag-fianna-fail-2>

April 26, 2021

---

##### [Sainordú daonlathach do cheantair Ghaeltachta le hathbhunú ag Fianna Fáil](https://www.fiannafail.ie/news/sainordu-daonlathach-do-cheantair-ghaeltachta-le-hathbhunu-ag-fianna-fail-2)

[![](https://www.fiannafail.ie/hubfs/fianna-theme/icons/arrow-next.svg) ](https://www.fiannafail.ie/news/sainordu-daonlathach-do-cheantair-ghaeltachta-le-hathbhunu-ag-fianna-fail-2)

<https://www.fiannafail.ie/news/deis-ar-dteanga-duchais-a-cheiliuradh-i-seachtain-na-gaeilge-calleary>

April 26, 2021

---

##### [Deis ár dteanga dúchais a cheiliúradh í Seachtain na Gaeilge – Calleary](https://www.fiannafail.ie/news/deis-ar-dteanga-duchais-a-cheiliuradh-i-seachtain-na-gaeilge-calleary)

[![](https://www.fiannafail.ie/hubfs/fianna-theme/icons/arrow-next.svg) ](https://www.fiannafail.ie/news/deis-ar-dteanga-duchais-a-cheiliuradh-i-seachtain-na-gaeilge-calleary)

<https://www.fiannafail.ie/news/leirionn-buisead-2021-tiomantas-ff-i-dtaobh-na-gaeilge>

April 26, 2021

---

##### [Léiríonn Buiséad 2021 tiomantas FF i dtaobh na Gaeilge](https://www.fiannafail.ie/news/leirionn-buisead-2021-tiomantas-ff-i-dtaobh-na-gaeilge)

[![](https://www.fiannafail.ie/hubfs/fianna-theme/icons/arrow-next.svg) ](https://www.fiannafail.ie/news/leirionn-buisead-2021-tiomantas-ff-i-dtaobh-na-gaeilge)