Deis ár dteanga dúchais a cheiliúradh í Seachtain na Gaeilge – Calleary

Published on: 04 March 2020


 Dúirt Leascheannaire agus Urlabhraí Fhianna Fáil maidir le Gnóthaí Gaeltachta Dara Calleary TD gur deis í Seachtain na Gaeilge an Ghaeilge agus ceantair thuaithe na tíre, agus an tábhacht a bhaineann leo ó taobh an chultúir de, a cheiliúradh.

 Dúirt sé, “Agus tús á chur leis an gceiliúradh ar an nGaeilge ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil níos mó tacaíochta ag teastáil ó chainteoirí Gaeilge agus ó cheantair Ghaeltachta.

“Mar lucht déanta dlíthe is orainn atá an dualgas forbairt na Gaeilge a neartú tríd an obair a dhéanaimid i dTithe an Oireachtais agus inár bpobail féin.

“Tá sé déanta an-soiléir ag Fianna Fáil, más muid a bheidh i gceannas ar an gcéad rialtais eile, go dtabharfaimid toghcháin dhíreacha i ndáil le bord Údarás na Gaeltachta ar ais. Soláthróir tábhachtach fostaíochta is ea an tÚdarás a bhfuil suas le 400 cliantchuideachta aige agus cuireann na cliantchuideachtaí sin fostaíocht ar fáil do bhreis is 7,000 duine ar fud na Gaeltachta. Áirítear comhlachtaí idirnáisiúnta agus anseo sa bhaile ar na comhlachtaí sin agus tá siad i mbun gnó in earnálacha éagsúla.

“Táimid tiomanta chomh maith do Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go hiomlán. Tá deich mbliana fanta sa straitéis reatha agus tá go leor eile ag teastáil ón gcéad rialtas eile agus beidh sin ina thosaíocht faoi Fhianna Fáil.

“Neartóidh Fianna Fáil Acht na dTeangacha Oifigiúla agus cinnteoidh an páirtí go mbeidh spriocdháta soiléir socraithe chun cainteoirí Gaeilge a earcú sa tseirbhís phoiblí. 

“Ó bunaíodh Fianna Fáil sa bhliain 1926, tá an Ghaeilge a chur cinn mar cheann de theangacha beo na ndaoine agus a chinntiú go dtugtar cosaint do chearta na gcainteoirí Gaeilge ina bpríomhchuspóirí polasaí ag an bPáirtí. Is taisce cultúir, taisce nach féidir luach a chur air, ár dteanga náisiúnta.

Mar fhocal scoir dúirt an Leascheannaire Calleary, “is mar gheall ar ár dteanga agus ar ár gcultúr dúchais a bhfuil ceangal déanta againn leis na céadta míle duine ar fud an domhain agus cuireann muid fáilte rompu le linn Sheachtain na Gaeilge.”