Ní mór tacú le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta má chuirtear siar an samhradh seo iad- Calleary

Published on: 03 April 2020


Tá sé ráite ag Urlabhraí Fhianna Fáil maidir le Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus Leascheannaire an Pháirtí Dara Calleary TD nár mhór tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do Choláistí Samhraidh na Gaeltachta má chuirtear siar an samhradh seo iad.

Mhínigh sé “Tá CONCOS (Comhchoiste na gColáistí Samhraidh) comhlacht ionadaíoch do choláistí samhraidh na hÉireann sna príomhcheantair Ghaeltachta agus taobh amuigh díobh ag fanacht ar threoir oifigiúil ón HSE i dtaobh an leanfar ar aghaidh le cúrsaí na bliana seo nó mura leanfar mar gheall ar ghéarchéim paindéime COVID-19.

“Ní mór don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara láithreach maidir leis an méid atá i ndán do na Coláistí Samhraidh seo.

“Cuireann coláistí samhraidh go mór le geilleagar cheantair Ghaeltachta agus beidh caillteanas mór airgeadais i gceist leis do na pobail seo mura mbeidh siad ar siúl.

“Má chuirtear siar na coláistí seo, ní mór don Roinn gach bealach ó thaobh airgeadais de a scrúdú chun tacú leis na mná tí, leis na coistí agus leis na coláistí iad féin chun freastal ar an gcaillteanas a tharlóidh.

“Mar achoimre, ba mhaith liom béim a leagan arís ar ghlao Chonradh na Gaeilge agus CONCOS go dtabharfaí tacaíocht dhíreach do Choláistí Samhraidh na Gaeltachta chun a chinntiú nach ndúnfar ar fad iad,” a dúirt Leascheannaire Calleary mar fhocal scoir.