Léiríonn Buiséad 2021 tiomantas FF i dtaobh na Gaeilge

Published on: 16 October 2020


Tá fáilte curtha ag Teachta Dála Fhianna Fáil do Mhaigh Eo, Dara Calleary roimh an méadú in infheistíocht atá á dhéanamh i maoiniú don Ghaeilge i mBuiséad 2021.   

Dúirt sé, “Ní raibh a dhóthain infheistíochta á dhéanamh i scéimeanna Gaeilge na tíre ar feadh ró-fhada. Tá €14.8 milliún breise á chur ar fáil don Ghaeltacht agus d’earnáil na Gaeilge i mBuiséad 2021, agus is ionann an maoiniú iomlán don bhliain seo chugainn agus breis is €78 milliún anois.   

“Is dearfach atá sé go bhfuil méadú tagtha ó ar leithdháileadh caipitil Údarás na Gaeltachta mar chuid den mhaoiniú sin, is ionann sin agus méadú 45% ar leithdháileadh 2020, cuideoidh sé sin leis an Údarás cliantchuideachtaí dá chuid a chosaint ó thionchar iomlán an Bhreatimeachta agus Phaindéim COVID-19.  

“Tá maoiniú curtha ar leataobh do chomhoibriú trasteorann maidir le hearnáil na teanga – is ionann sin agus €1.779 milliún ar fad. Beifear ábalta comhoibriú níos mó a dhéanamh leis an bhForas Teanga agus beifear ábalta gealltanais a tugadh don Fhoras a chomhlíonadh de bharr an mhaoinithe, is é seo an chéad méadú i maoiniú atá faighte ag an bhForas Teanga ó 2016.   

 “Tá TG4 ag leanúint de bheith ag craoladh cláir d’ardchaighdéan agus tá ról tábhachtach ag an stáisiún i gcúrsaí reatha, nuacht agus siamsaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá ríméad orm go bhfuil maoiniú an stáisiúin méadaithe go dtí €3.5 milliún sa Bhuiséad seo.   

 “Tá Fianna Fáil tiomanta go huile agus go hiomlán do thacaíocht a thabhairt do phobail na Gaeilge agus na Gaeltachta in Iarthar na tíre agus iad a fhorbairt. Tugann an maoiniú a fógraíodh i mBuiséad 2021, mar aon le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019, achoimre ar ár dtiomantas sa Rialtas a chinntiú go dtugtar cosaint dár teanga agus do phobail Ghaeltachta na tíre,” a dúirt an Teachta Dála Calleary.