Deimhnithe ag Fianna Fáil go bhfuil Cynthia Ní Mhurchú curtha leis an ticéad do Thoghcheantar Éire Theas i dToghcháin Pharlaimint na hEorpa

Published on: 07 March 2024


Deimhnithe ag Fianna Fáil go bhfuil Cynthia Ní Mhurchú curtha leis an ticéad do Thoghcheantar Éire Theas i dToghcháin Pharlaimint na hEorpa. Beidh sí i dteannta Billy Kelleher, Feisire reatha de Pharlaimint na hEorpa, ar an ticéad.

Tá croí Cynthia go smior i gCeatharlach agus san Oirdheisceart. Chuir sí tús lena gairm ina múinteoir bunscoile i gCeatharlach, a háit dúchais, agus tá sí ag obair ina hAbhcóide faoi láthair. Bhí sí ag obair roimhe seo ina craoltóir agus iriseoir dátheangach d'eagraíochtaí éagsúla meán, ina measc RTÉ, Raidió na Gaeltachta, the Sunday Independent agus the Sunday Tribune, agus tá cuimhne mhaith ag an bpobal uirthi as an gComórtas Eoraifíse, a raibh taispeántas cáiliúil “Riverdance” mar chuid de, a chur i láthair i gcomhar i mBaile Átha Cliath in 1994.

Is éard a dúirt Cynthia faoin scéala go bhfuil sí curtha ar an ticéad, “Is mór an onóir dom é go bhfuil mé roghnaithe le hionadaíocht a dhéanamh ar Fhianna Fáil in Éire Theas sna Toghcháin Eorpacha atá romhainn amach. Tá tráth de mo shaol gairmiúil sroichte agam anois ina gcreidim go mbeadh fiúntas mór ag baint leis an taithí fhairsing, tacar mór sainscileanna agus tréithe pearsanta atá agam i bParlaimint na hEorpa. Tá dea-theist bainte amach agam san oideachas, sna meáin agus sa chumarsáid agus sa dlí agus tá mé tiomanta go mór don Ghaeilge, don chultúr agus do na healaíona.

Beidh mé ag rith feachtas dátheangach, agus ag díriú ar an nGaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach chun tacú le stádas oifigiúil na teanga i bParlaimint na hEorpa ó 2022.

Is iad na tosaíochtaí atá agam do mhuintir Éire Theas ná a bheith i mo ghuth láidir don réigiún san Eoraip, díriú ar níos mó forbairt réigiúnach, mar aon le troid ar son aistriú cóir d’Éirinn, agus sinn ag iarraidh ár spriocanna carbóin a bhaint amach sna blianta amach romhainn. Tá spéis ar leith agam freisin sa Dlí Teaghlaigh agus i sábháilteacht idirlín do chách, dár n-aos óg go háirithe. Oibreoidh mé go dícheallach chun Éirinn agus an Deisceart a chur chun cinn san Aontas Eorpach agus cinnteoidh mé go gcuirfear beartais a bheidh tairbheach d’Éirinn agus dár saoránaigh chun cinn agus go mbainfear amach iad.

Táim ag súil le tús maith a chur leis an obair agus a bheith ag bualadh agus ag caint le daoine faoin gcúis a bhfuil an Eoraip tábhachtach, agus mar is féidir lena cuid beartas an saol a fheabhsú do mhuintir agus do phobail Éire Theas. Beirimis bua le chéile. "

Ag labhairt dó faoi Cynthia Ní Mhurchú a bheith curtha ar an ticéad, dúirt an tAire Darragh O’Brien TD, Stiúrthóir Toghchán Fhianna Fáil, “Gabhaim comhghairdeas le Cynthia as bheith roghnaithe. Is iontach í a bheith curtha le ticéad Éire Theas. Is iarrthóir í Cynthia a bhfuil go leor bainte amach aici agus tugann sí saibhreas mór taithí léi don fheachtas seo. Tá a dúthracht seanbhunaithe don tseirbhís phoiblí agus don phobal léirithe aici le linn a gairme agus bheadh sí ina Feisire den scoth don réigiún. Is iarrthóir láidir eile Eorpach í Cynthia d’Fhianna Fáil, mar aon leis an bhFeisire Billy Kelleher, a oibreoidh gan staonadh do mhuintir Éire Theas.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl chomh maith don Chomhairleoir Fintan Phelan as bheith páirteach sa phróiseas agus guím gach rath air sna Toghcháin Áitiúla amach romhainn agus ina ghairm mhór pholaitíochta.”