Tá Fianna Fáil ag iarraidh ort vóta TÁ a chaitheamh ar an 8 Márta 2024 in dhá reifreann chun an Bunreacht a leasú agus a nuachóiriú. Beidh muintir na hÉireann ag caitheamh vóta maidir le an mian leo glacadh nó gan glacadh leis an 39ú leasú agus an 40ú leasú ar an mBunreacht. Léiríonn na leasuithe sin Éire an lae inniu, mar shochaí níos cuimsithí agus níos cothroime.



Cad é a n-iarrtar ort cinneadh a dhéanamh ina leith ar an 8 Márta 2024?
-
Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú chun foráil a dhéanamh do choincheap níos leithne an teaghlaigh (an 39ú leasú); agus
- Airteagal 41.2 den Bhunreacht a scriosadh chun téacs maidir le ról na mban sa bhaile a bhaint amach agus Airteagal 42B nua a chur isteach ina áit chun cúram teaghlaigh a aithint (an 40ú leasú).
An 39ú Leasú
Tá athrú ollmhór tagtha ar shochaí na hÉireann ó scríobhadh an Bunreacht in 1937. I láthair na huaire, ní aithnítear sa Bhunreacht ach cineál amháin teaghlaigh – teaghlach atá bunaithe ar an bpósadh. Ní léiríonn sé sin fírinne na sochaí nua-aimseartha.
Athdhearbhóidh an leasú seo an teaghlach mar bhuíon-aonad príomha bunaidh na sochaí – ach aithneofar ann go mbíonn struchtúir agus méideanna na dteaghlach éagsúil, go bhfuil luach leo go léir agus go gcaithfear go cothrom leo.
Faoi láthair, ní aithníonn an Bunreacht tuismitheoirí nach bhfuil pósta ná struchtúir teaghlaigh ‘neamhthraidisiúnta’ eile. Tá cur amach againn ar fad ar an iliomad socruithe teaghlaigh in Éirinn sa lá atá inniu ann nach bhfuil bunaithe ar bheirt atá pósta lena chéile.
Leathnóidh an leasú an chosaint Bhunreachtúil a thugtar do theaghlaigh bunaithe ar an bpósadh agus clúdófar ann teaghlaigh bunaithe ar “chóngais bhuanfásacha”. Beartaítear leis sin go gcuimseoidh sé cóngais teaghlaigh atá láidir seasmhach leanúnach agus tiomanta.
An 40ú Leasú
Tá luach an chúraim agus na tacaíochta a thugann baill teaghlaigh dá chéile a thábhachtaí inniu agus a bhí riamh. Is leas poiblí é agus is bunchloch don dlúthpháirtíocht shóisialta agus don chomhtháthú sóisialta é.
Teastaíonn an leasú seo chun sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann a léiriú. Teastaíonn uainne go gcaithfidh tú vóta TÁ lena chinntiú go bhfuil luach ag baint leis an gcúram a chuirtear ar fáil don teaghlach agus laistigh den teach BEAG BEANN AR AN TÉ a thugann é – bean nó fear – máthair nó athair. Caithfear fáil réidh le teanga faoi shaol na mban “trína saol sa teaghlach” nó faoina “ndualgais sa teaghlach”.
Chomh maith leis sin, cuirfidh an leasú seo dualgas follasach ar an Stát iarracht a dhéanamh tacú le cúram laistigh den teaghlach. Is céim shuntasach í seo ó thaobh an dualgais atá á chur ar an Stát.
Féachtar leis na leasuithe seo i dteannta a chéile lena chinntiú go léiríonn an Bunreacht ár dtiomantas d’Éirinn nua-aimseartha atá comhionann comhbhách agus cuimsitheach do chách.
