Sainordú daonlathach do cheantair Ghaeltachta le hathbhunú ag Fianna Fáil

Published on: 02 February 2020


Dúirt urlabhraí Fhianna Fáil maidir le Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus Leascheannaire an Pháirtí Dara Calleary TD má bhíonn an páirtí i gcumhacht tar éis an olltoghcháin, tabharfar ar ais toghcháin dhíreacha do bhord Údarás na Gaeltachta.

Sa bhliain 2012, chuir an rialtas a bhí faoi cheannas Fhine Gael, deireadh le toghcháin dhíreacha chuig Údarás na Gaeltachta leis an mBille Gaeltachta. D’imir Fine Gael an gilitín ar an mBille sa Seanad agus sa Dáil  chun deireadh a chur leis an díospóireacht faoi. 

Shiúil teachtaí Fhianna Fáil amach as Seomra na Dála mar agóid.  Ba ionsaí ar an daonlathas é nuair a cuireadh deireadh le toghcháin dhíreacha. Bhain sin an chumhacht ó mhuintir na Gaeltachta agus thug an iomarca smachta don Aire.

Soláthróir tábhachtach fostaíochta is ea an tÚdarás agus a bhfuil suas le 400 cliantchuideachta aige a chuireann fostaíocht ar fáil do bhreis is 7,000 duine ar fud na Gaeltachta.

Ó bunaíodh Fianna Fáil sa bhliain 1926, tá an Ghaeilge a chur cinn mar cheann de theangacha beo na ndaoine agus a chinntiú go dtugtar cosaint do chearta na gcainteoirí Gaeilge ina bpríomhchuspóirí polasaí ag an bPáirtí. Is taisce cultúir, taisce nach féidir luach a chur air, í ár dteanga náisiúnta.

Má bhíonn Fianna Fáil i gcumhacht tar éis an olltoghcháin, leanfaimid ag obair go dúthrachtach chun tacú lenár dteanga dhúchais i gceantair Ghaeltachta. Tabharfar ar ais toghcháin dhíreacha do bhord Údarás na Gaeltachta.