Cian Harmon
Gaeilge & Culture Officer

Cian Harmon - Gaeilge & Culture Officer

Is mise Cian, tá mé 23 bliana d’aois agus tá mé i mo chónaí in Áth Buí i gContae na Mí. Is ball mé d’Ógra ó 2020 nuair a chláraigh mé le Cumann an Phiarsaigh DCU, an áit ina bhfuil mé i mbun staidéar le bheith i mo mhúinteoir Gaeilge agus Fraincis. Táim i mo chathaoirleach leis an gCumann i mbliana.

Táim ag súil go mór le bheith ag obair mar Oifigeach Gaeilge agus Cultúir agus tá a lán smaointe agam le roinnt libh. Ba mhaith liom feachtas earcaíochta a chur ar siúl go hiomlán trí mheán na Gaeilge, dírithe ar mhuintir na Gaeltachta, agus ba mhaith liom dream mór a fheiceáil ag dul ag Oireachtas na Samhna leis an bpáirtí an bhliain seo chugainn. Tá an leanúnachas an-tábhachtach freisin, agus dá bhrí sin ba mhaith liom na polasaithe Gaeilge atá foilsithe ag Ógra cheana féin a chur chun cinn, agus turas Gaeltachta a eagrú arís. Oibreoidh mé leis na hoifigí eile chun imeachtaí cultúrtha a chur ar siúl ar fud na tíre, mar ceapaim go bhfuil sé fíorthábhachtach leibhéal gníomhaíochtaí an eagraíocht a mhéadú.