Tá Fianna Fáil tugtha i gcónaí don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a thug an páirtí chun cinn agus muid i mbun rialtais, a chur i bhfeidhm.
Is é príomhchuspóir a leagadh amach sa straitéis méadú le himeacht 20 bliain ar líon na ndaoine a bhfuil eolas acu ar an nGaeilge ón 1.66 milliún faoi láthair go dtí 2 mhilliún; agus ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá ón leibhéal faoi láthair, thart ar 83,000 , go dtí 250,000.
Thugamar isteach freisin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 trínar cuireadh bonn reachtaíochta den chéad uair faoi na cearta maidir leis an teanga atá luaite sa Bhunreacht.
Is é an feall nach bhfuil dúthracht dáiríre de chineál ar bith á léiriú ag an rialtas faoi láthair i leith na Gaeilge. Ní amháin nach bhfuil suíochán ag cruinnithe den Chomh-Aireacht ag an Aire Gnóthaí Gaeltachta faoin rialtas seo, ceapadh duine sa phost sin an samhradh seo caite nach raibh líofa sa teanga.
Níl aon amhras níos mó faoi neamhaird Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre ar pholasaí na Gaeilge ó athraíodh airí rialtais thart agus fágadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gan Aire sinsearach ná sóisearach a bhí ábalta gnó oifigiúil a dhéanamh i nGaeilge.
Ba céim eile ar gcúl don teanga cinneadh na Roinne Caiteachais Phoiblí deireadh a chur leis an mbónas 6 faoin gcéad don Ghaeilge i scrúduithe iontrála na Státseirbhíse.
Is dona an tuar, anuas air sin, geallúint i gclár an Rialtais machnamh a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an éigeantas maidir le Gaeilge don Ardteistiméireacht.
Is é tuairim Fhianna Fail gur gá dúinn cur de réir a chéile leis an eolas ar an nGaeilge agus leis an úsáid a bhaintear aisti mar theanga pobail. Tá d’aidhm againn chomh maith oiread agus is féidir de shaoránaigh na hÉireann a bheith dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla.
Táthar tugtha chomh maith don Ghaeltacht a chosaint agus a chothú agus do chúnamh teangeolaíochta a chur ar fáil di mar cheantar Gaeilge.
Táthar den tuairim chomh maith gur gá don stát soláthar a dhéanamh, chomh mór agus is praiticiúil sin, don saoránach atá i mbun caidrimh leis an stát a bheith ábalta sin a dhéanamh trí Ghaeilge.