Dúirt urlabhraí Fhianna Fáil maidir le Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta agus Leascheannaire an Pháirtí Dara Calleary TD go bhfáiltíonn sé go bhfuil cead tugtha ag Airí Rialtais Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 a fhoilsiú.

“In ainneoin go bhfuil sé cúig bliana ó rinneadh Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá foilsiú an bhille seo curtha ar an méar fhada ag rialtas faoi cheannas Fhine Gael ag rá gur réimse neamhthosaíochta atá ann.

“Cheadaigh an rialtas ceannteidil do scéim ghinearálta maidir le Bille Teangacha Oifigiúla (Leasú) an 30 Bealtaine 2017 nuair a rinneadh athbhreithniú ar an acht bunaidh in 2014.

“Rinneadh iniúchadh fairsing réamhreachtach i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, coiste ar a raibh mo chomhghleacaithe  Éamon Ó Cuív and Aindrias Ó Muimhneacháin.

Foilsíodh tuairisc 271 leathanach i mí Bealtaine dá bharr i ndiaidh dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara sa choiste le grúpaí lena n-áirítear: An Coimisinéir Teanga, Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta – Conradh na Gaeilge agus Cumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge.

“Ba é tiomantas an Rialtais le linn chlár reachtaíochta an Fhómhair bille deiridh a fhoilsiú le linn an tseisiúin sin. Faraor, níor baineadh amach an sprioc sin.

“Fáiltíonn mo pháirtí roimh fhoilsiú an bhille a bhfuiltear ag fanacht air le fada faoina neartófar an líon seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge. Gné shuntasach den bhille is ea gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’fhostaithe nua na seirbhíse poiblí; agus gur trí Ghaeilge a fheidhmeoidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. De réir a chéile, cuirfidh sin ar chumas comhlachtaí poiblí freagairt níos fearr a thabhairt ar an éileamh a bheidh ag an bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

“Tá sé léirithe arís agus arís eile ag Fianna Fáil go ndéanann sé beart de réir a bhriathair maidir le cearta na teanga náisiúnta agus na Gaeltachta a fheabhsú. Reachtaíocht shuntasach a bhí in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a thugamar isteach. Leagtar amach ann na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí maidir le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus na cearta atá ag an bpobal na seirbhísí sin a fháil.

“Chomh maith leis sin bhunaíomar Oifig an Choimisineára Teanga agus Foras na Gaeilge; agus d’fhorbraíomar Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, straitéis a raibh fís ag baint léi.

“Táimid ag súil leis an mbille a scrúdú agus go ngabhfaidh an bille tríd an Oireachtas go tapa agus go ndéanfar aon leasuithe is gá”.