Ní mór tacú le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta ó tharla cúrsaí curtha ar ceal – Calleary

Published on: 22 April 2020


Tá sé ráite ag Leas-Cheannaire agus Urlabhraí Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary TD nár mhór tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do Choláistí Samhraidh na Gaeltachta.

Dúirt an Leas-Cheannaire Calleary an méid sin i ndiaidh don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dheimhniú nach mbeadh aon chúrsaí Gaeilge ar siúl an samhradh seo mar gheall ar na bearta éigeandála atá i bhfeidhm de bharr Covid-19.

“Tá sé deimhnithe anois nach mbeidh coláistí Gaeilge an tsamhraidh ar siúl i mbliana mar gheall ar na bearta sláinte poiblí riachtanacha atá i bhfeidhm. Is buille mór a bheidh anseo do dhuine ar bith i gceantair Ghaeltachta a bhíonn ag brath ar an leas eacnamaíoch a bhaineann le scoláirí a bhíonn ag freastal ar choláistí Gaeilge a choinneáil.

“Ní mór don Roinn tacú leis na coláistí seo chun a chinntiú go mbeidh siad ábalta coinneáil orthu nuair a bheidh an paindéim seo curtha dínn againn. Is ríthábhachtach atá siad mar acmhainn chun ár dteanga dhúchais agus cultúr dúchais a theagasc.

“Cuireann coláistí samhraidh go mór le geilleagar cheantair Ghaeltachta agus beidh caillteanas mór airgeadais i gceist do na pobail seo mura mbeidh siad ar siúl.

Mar fhocal scoir dúirt an Leas-Cheannaire Calleary, “Anois agus na coláistí curtha siar, ní mór don Roinn gach bealach airgeadais a scrúdú chun tacú leis na mná tí, leis na coistí agus leis na coláistí iad féin chun freastal ar an gcaillteanas a tharlóidh.”